
Bíonn gá ag teanga neamhfhorleathan ar nós na Gaeilge le húdair agus le healaíontóirí a léireoidh agus a mhéadóidh a hacmhainn, agus a thabharfaidh faoina ceiliúradh le fuinneamh agus le fonn. Duine de na pearsana inspioráideacha seo ba ea Breandán Ó hEithir - údar, iriseoir, craoltóir den sc oth agus scríbhneoir den scoth, tráchtaire géarchúiseach ar chúsaí a linne, ar chás na hÉireann ach go háirithe, ar feadh dhá scór bliain nó mar sin; fear a cailleadh ró-óg agus a raibh an-chaitheamh in dhiaidh. Bhí Breandán Ó hEithir siúlach agus scéalach, é ar a chompord le scéal an duine, idir shúgradh is dáiríre. Bhí cur amach aige ar thíortha éagsúla de bharr tréimshí a chaith sé ina chónaí iontu nó ar cuairt orthu, agus bhí cur amach aige ar pholoitíocht, ar litríocht agus ar ghnéithe éagsúla de chultúr go leor tíortha eile de bharr fairsinge agus scóipiúlacht a chuid léitheoireachta. Fear é nach raibh a shárú ann, b'fhéidir, maidir lena acmhainn grinn agus é i mbun tráchtaireachta ar shaol is ar scannail an ghoirtín ghlais ar a nglaoitear Éire, ach níor chiallaigh sin nach raibh tuairimí an-daingean aige faoi chóir agus éagóir, nó nach mbíodh sé corraithe faoi chás na cosmhuintire, faos chás mhuintir na Gaeltachta go háirithe. Fear casta, más ea, scríbhneoir tábhachtach agus, ar bhealaí áirithe, pearsa phoiblí ag pobal na Gaeilge a bhí i mBreandán Ó hEithir. Ba mhór ar fad é mar dhúshlán tabhairt faoi shaol agus faoi shaothar an oileánaigh ildánaigh chasta seo a ríomh agus a mheas. Ach sin díreach atá déanta sa leabhar seo ag Liam Mac Con Iomaire. Leabhar bunúsach is ea an bheathaisnéis chomhthéacsúil seo. Tá an fear agus an scéal anseo, cinnte, agus gnéithe de shaol inmheánach Uí Eithir nochtaithe den chéad uair i sleachta óna dhialann. Agus, trí chuntas Mhic Con Iomaire ar shaol agus ar shaothar Uí Eithir gheibhimid, freisin, léargas luachmhar, leithleach ar ghnéithe éagsúla den saol in Éirinn mar a bhí sa dara leath den bhfichiú haois.
Page Count:
729
Publication Date:
2000-01-01
ISBN-10:
1902420292
ISBN-13:
9781902420295
No comments yet. Be the first to share your thoughts!