
Mar sin a chríochnaíonn ceathrú i gceann de na hamhráin ba mhinice a deireadh Joe Éinniú, an t-amhránaí sean-nos is mó le rá san fhichiú haois, fear a tháinig in inmhe nuair nach raibh tuiscint ar a raibh i gceist leis an amhránaíocht dhúchasach rófhorleathan taobh amuigh de ghrúpa beag díograiseoirí a bhíodh ag tarraingt ar an Oireachtas. D'athraigh sé sin ar fad in imeacht shaolré Sheosaimh Uí Éanaí, agus go deimhin bhí baint mhór ag Ó hÉanaí féin leis an athrú a tháinig. Sa leabhar iontach seo le Liam Mac Con Iomaire faighimid léargas ar an saol a chaith Joe agus mar a chaith an saol sin leis. Sna sleachta as agallaimh le daoine a raibh aithne acu ar Éinniú, faighimid tuiscintí íogaire ar an bhfear féin, ar a dhúiche shinseartha agus ar na mullaigh is ar na gleanntáin a shiúil sé ag tóraíocht aitheantais dó féin agus don dúchas saibhir a thug sé as broinn leis. As sin cuirmid aithne ar Éinniú agus cuirtear in iúl dúinn, má rinne sé gaisce, nárbh i ngan fhios dó féin é. Agus an leabhar seo léite againn, tuigimid go díreach cén reicneáil a d'íoc Ó hÉanaí as an cháil idirnáisiúnta a d'éirigh leis a bhaint amach. Tá éacht déanta ag Liam Mac Con Iomaire as an eolas seo go léir a bhailiú agus a fhí le chéile go báúil blasta, i nGaeilge chraicneach sholéite. Dá thoradh sin, tá comaoin curtha aige arís eile orainn go léir. Léifear an leabhar se go fonnmhar cíocrach gach áit a bhfuil ómós don amhrán agus don té is mó a fuair gradam as a shaothar ina leith lenár linn.
Page Count:
521
Publication Date:
2007-01-01
ISBN-10:
1905560206
ISBN-13:
9781905560202
No comments yet. Be the first to share your thoughts!